Tim Robinson

Scríbhneoir, ealaíontóir, agus cartagrafaí Sasanach ab ea Timothy Drever Robinson (26 Márta 1935 – 3 Aibreán 2020). I measc na saothar is cáiliúla dá chuid tá leabhair faoi Oileáin Árann agus faoi Chonamara. Bhí clú agus cáil air freisin as na léarscáileanna fíor-mhionsonraithe a rinne sé d’Oileáin Árann, an Bhoirinn, agus Conamara, áiteanna ar thug sé orthu “ABC of earth wonders”.

Rugadh agus tógadh i Sasana é. Rinne sé staidéar ar an matamaitic i gColáiste Sidney Sussex, Ollscoil Cambridge.

Bhí sé ag obair mar fhísealaíontóir faoin ainm Timothy Drever in Iostanbúl, Vín, agus Londain ar feadh tamaill. Tar éis sin, chuir sé faoi in Oileáin Árann, amach ó chósta Chontae na Gaillimhe, sna 1970idí, agus chuir sé tús le mionstaidéar ar thírdhreach Iar-Chonnacht.

D'fhoilsigh Robinson a chéad léarscáil d’Oileáin Árann in 1975, an dara heagrán in 1980, agus “Oileáin Árainn”, tionlacan leis an léarscáil, in 1996. In 1977, rinne sé léarscáil dhá orlach de na hardtailte in Iarthuaisceart an Chláir, An Bhoirinn san áireamh, agus foilsíodh an dara heagrán in 1999. In 1981, dhírigh sé a aird ar Chonamara, agus scríobh sé paimfléad (a leathnaíodh ina leabhar níos déanaí) dar teideal “Setting Foot on the Shores of Connemara”. Tar éis sin, d'fhoilsigh sé sraith altanna rialta sa Connacht Tribune faoin teideal “Mapping South Connemara”. Sa bhliain 1990, d'fhoilsigh Robinson a léarscáil 1 orlach de Chonamara in éineacht le gasaitéar. Ba é Folding Landscapes, an comhlacht foilsitheoireachta agus ionad faisnéise a bhunaigh Robinson agus a bhean chéile Máiréad, a d'fhoilsigh an léarscáil óna dteach i gCloch na Rón i gConamara Láir.

Ceapadh Robinson ina Chomhalta Cuairtíochta Parnell do 2011, ag Coláiste Magdalene, Ollscoil Cambridge. Thug sé an Léacht Parnell i mí Feabhra, 2011; is é ‘A Land without Shortcuts’ an teideal a bhí air, agus foilsíodh sa Dublin Review é.

Tugadh ardmholadh don dá leabhar a scríobh sé faoi Oileáin Árann, a bhailigh le chéile seanchas topagrafaíochta agus cultúrtha faoi na hoileáin. Taiscéalaíocht ar feadh an chósta a bhí sa chéad leabhar, ''Stones of Aran: Pilgrimage'', agus dhírigh an dara leabhar, ''Stones of Aran: Labyrinth'', ar an gcuid intíre de na hoileáin.

Bhronn Gradam Leabhar na hÉireann duais ar Robinson faoi dhó: Leabhar Neamhfhicsin na Bliana in 2007 do ''Connemara: Listening to the Wind'', agus Leabhar na Bliana a foilsíodh in Éirinn in 2011 do ''Connemara: A Little Gaelic Kingdom''. Bronnadh Gradam Lois Roth ar Robinson agus Liam Mac Con Iomaire in 2016 as an aistriúchán a rinne siad ar ''Cré na Cille'' dar teideal ''Graveyard Clay''. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
le Robinson, Tim
Foilsithe 1978

Leabhar