Wayne Thiebaud
Ealaíontóir Meiriceánach ba ea Wayne Thiebaud (fuaimnítear Thiebaud ar bhealach na Fraincise, .i. tí-BÓ) a rugadh ar 15 Samhain 1920 agus a aithnítear as a chuid saothar, a dhéanann íomhánna ildaite de rudaí coitianta mar choirceoga uachtair reoite, chístí, agus phéintchannaí, chomh maith le tírdhreacha agus daoine. Áirítear é mar bhall de ghluaiseacht na pop-ealaíne mar gheall ar a spéis in ábhar ón ollchultúr agus cé go raibh a chuid luathshaothar sna 1950idí agus 60idí beagán chun tosaí ar shaothair na bpop-ealaíontóirí clasaiceacha. Chuir Thiebaud an phéint ar an gcanbhás go tiubh agus d'úsáid sé dathanna áibhéalacha; beagnach i gcónaí, bíonn na scáthanna geal glan mar a bhíonn siad i bhfógraí trádálacha. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
2